Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Próiseas roghnúcháin CAST buan

woman talking to people sitting on her left side

Le próiseas roghnúcháin CAST Buan, féadfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh baill foirne ar conradh a earcú chun dul ag obair i réimsí gairmiúla éagsúla.

Is uirlis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh é CAST. Is éard atá i gceist le Buan nach bhfuil aon sprioc-am ann le hiarratas a dhéanamh, mar sin is féidir le hiarrthóirí iarratas a chur isteach tráth ar bith.

Earcaítear baill foirne ar conradh le hobair láimhe nó cúraimí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta riaracháin a dhéanamh ar bhonn sealadach nó le hacmhainn bhreise a chur ar fáil i sainréimsí ina bhfuil easpa oifigeach a bhfuil na scileanna riachtanacha acu.

Earcaítear baill foirne ar conradh ar dhá bhealach:

1) Baill foirne ar conradh – CAST Buan 

D’fhéadfaí baill foirne ar conradh a earcú trí phróiseas roghnúcháin CAST Buan

Is uirlis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh é CAST. Ciallaíonn Buan gur roghnúchán é nach bhfuil dáta clabhsúir ná sprioc-am le haghaidh iarratas ag gabháil leis.

Ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta, tiocfaidh tú ar Ghlaonna ar Léiriú Spéise CAST Buan le haghaidh próifílí i réimsí amhail an t-airgeadas, gnóthaí polaitíochta/beartais an Aontais, rúnaithe agus cléirigh, teicneolaíocht faisnéise, an dlí agus an chumarsáid, gan ach cuid acu a lua. Ba cheart d’iarratasóirí na treoracha a bhaineann le gach ceann de na glaonna a leanúint.   

Le tabhairt faoin nós imeachta iarratais, is gá duit cuntas EPSO a chruthú agus sonraí pearsanta, gairmiúla agus oideachasúla a chur isteach i mbunachar sonraí CAST.

Ní hionann iarratas a chur isteach do phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus a rá go dtabharfar cuireadh go huathoibríoch d’iarrthóirí na trialacha a dhéanamh. 

Aon uair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, d’fhéadfadh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí CAST a chuardach agus líon teoranta iarrthóirí a chur ar an ngearrliosta, iarrthóirí a bhfuil a gcuid scileanna ag teacht le riachtanais an phoist atá i gceist.

Tabharfar cuireadh do na hiarratasóirí réamhroghnaithe sin trialacha arna n-eagrú ag EPSO a dhéanamh: trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire (MCQ), ina bhfuil trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí i gceist; triail inniúlachta (eolas ar réimse na speisialtóireachta) nó triail tuisceana teanga (le haghaidh próifílí teangeolaithe).  Go dtí go ndéanfar athruithe ar an gcóras trialacha, is é EPSO amháin a bheidh freagrach as na trialacha réasúnaíochta a eagrú, ach ní bheidh sé freagrach as na trialacha inniúlachtaí. Déanfaidh seirbhísí earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh próiseas roghnúcháin na mball foirne ar conradh a oiriúnú dá réir, agus coinneoidh siad a seirbhísí ábhartha ar an eolas faoin bpróiseas is infheidhme.

Na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo sna trialacha, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh agus iad a earcú ina dhiaidh sin.

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar ár leathanach CAST Buan. Is féidir leat iarratas díreach a dhéanamh ón leathanach sin freisin.  

 

2) Baill foirne ar conradh – Folúntais ad hoc

Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh baill foirne ar conradh a earcú freisin chun poist ar leith a líonadh aon uair is gá. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh saineolaithe ag teastáil chun réimse ról a chlúdach, mar shampla cúntóir airgeadais, eolaí sóisialta, stiúrthóir gréasáin agus innealtóir cibearshlándála, gan ach cúpla ról a lua. 

Murab ionann agus próiseas CAST Buan, bíonn sprioc-am i gceist le hiarratas a dhéanamh ar gach folúntas, agus bíonn eolas ag gabháil leis na folúntais maidir leis an nós imeachta iarratais agus earcaíochta agus na sonraí eile go léir.

Foilsíonn institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais folúntais ad hoc do bhaill foirne ar conradh agus socraíonn siad a gcuid nósanna imeachta iarratais agus earcaíochta féin

Féadfaidh tú teacht ar fholúntais oscailte do bhaill foirne ar conradh ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta

grafaic shamhail CAST