Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comórtas le haghaidh riarthóirí i réimse an fhuinnimh núicléach arna athoscailt

man in a nuclear power plant

Tá na trialacha roghnúcháin ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais

An bhfuil taithí i réimse an fhuinnimh núicléach agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, tá deis eile agat cur isteach ar an gcomórtas le haghaidh riarthóirí i réimse an fhuinnimh núicléach.

Ó 2024 ar aghaidh, tá EPSO chun cur lena thiomantas don ilteangachas trí chóras iomlán 24 theanga a chur i bhfeidhm sna comórtais oscailte. Is é is aidhm don athrú seo go bhféadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha. Mar chuid den athrú sin, déanfar coigeartuithe ar an bpunann trialacha a bhaineann leis an gcomórtas seo freisin, mar shampla, cuirfear triail scríofa in ionad an chás-staidéir, triail a dhíríonn ar scileanna cumarsáide scríofa a ndéantar measúnú orthu faoi thacar sonrach ancairí nua.

Tá an comórtas á athoscailt chun na coigeartuithe sin a chur san áireamh. Baineann sé sin leis na hiarrthóirí atá ann faoi láthair agus le hiarrthóirí nua ar spéis leo iarratas a dhéanamh. 

  • Iarrthóirí a chuir isteach iarratas cheana féin, ní mór dóibh a n-iarratas a athbhreithniú agus a bhailíochtú an athuair chun leanúint orthu ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Beidh an deis acu athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid roghanna teanga le haghaidh na dtrialacha agus eolas nua a chur lena n-iarratas, de réir mar is ábhartha. Tabharfar tuilleadh eolais do na hiarrthóirí sin ar bhonn aonair trína gcuntas EPSO.

Chun eolas a fháil faoi na leasuithe beachta ar an bhfógra comórtais tosaigh EPSO/AD/411/23, féach an Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/411/23.

Tar éis dóibh an comórtas a chur i gcrích go rathúil, earcófar na hiarrthóirí mar chigirí coimircí núicléacha nó mar oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach. Is leis an gCoimisiún Eorpach i Lucsamburg den chuid is mó a oibreoidh na hoifigigh a earcófar (grád AD 7). Beidh roinnt post lonnaithe freisin ar láithreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC). 

Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann agallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, bunaithe ar riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus ar an eolas a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.

I do cháil mar riarthóir i réimse an fhuinnimh núicléach, beidh do phríomhchúraimí éagsúil ag brath ar an réimse a roghnófar. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí seo a leanas:

  • Réimse 1 – Cigirí coimircí núicléacha: Déanfaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo dualgais a bhaineann le cigireachtaí coimircí núicléacha, taighde agus bainistiú tionscadal;
  • Réimse 2 – Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach: Déanfaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo dualgais a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha, riaracháin, eolaíochta, comhairleacha agus maoirseachta.

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais.

Féadfaidh sé a bheith ina chuid den obair sin cuairt a thabhairt go minic ar limistéir rialaithe i suiteálacha núicléacha agus misin chucu. I bhfianaise an eolais íogair agus rúnaicmithe a láimhseáiltear, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo deimhniú bailí imréitigh slándála pearsanra a bheith acu nó a bheith in ann é a fháil in am trátha. D'fhéadfadh sé, mar sin, mar réamhchoinníoll earcaíochta i gcás poist áirithe, go n-iarrfaí ar na hiarrthóirí ar éirigh leo an nós imeachta imréitigh slándála a dhéanann údarás inniúil náisiúnta Bhallstát a náisiúntachta a ghlacadh orthu féin. Moltar do na hiarrthóirí iad féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas roghnúcháin sula ndéanfaidh siad iarratas ar an gcomórtas seo. 

Don duine atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh pobal saineolais ar fáil maille le cuid mhór deiseanna ar a fhorbairt phearsanta agus a fhorbairt ghairmiúil a leathnú. Na foirne ilchultúrtha idirnáisiúnta ilchineálacha a bhíonn ag obair in institiúidí an Aontais, bíonn siad ag obair ar son tuairim agus 450 milliún saoránach den Aontas agus tuilleadh nach iad. 

Bunphrionsabail de chuid an Aontais Eorpaigh is ea iad an meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna, agus déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a dícheall a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile agus go mbíonn an rochtain chéanna acu ar a cuid seirbhísí. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach tiomnaithe faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin dóigh ar féidir socruithe sonracha a iarraidh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin.

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Ní ghlacfar le hiarratais ach ó shaoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cearta iomlána acu mar shaoránaigh den Aontas.

Ní mór eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:

Le haghaidh réimse 1 – Cigirí coimircí núicléacha:

  • céim ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa mhíochaine núicléach, sa chosaint ar radaíocht, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, in eolaíocht na n-ábhar, nó san innealtóireacht, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

sin nó

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad i réimse seachas na réimsí atá liostaithe thuas, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin. 

  • PhD/dochtúireacht nó céim choibhéiseach i gceann de na réimsí atá liostaithe thuas, agus 2 bhliain ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

sin nó

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad i réimse nach bhfuil liostaithe thuas, agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha ina diaidh sin.
     

Le haghaidh réimse 2 – Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach:

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

sin nó

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad, agus 6 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

sin nó

  • PhD/dochtúireacht nó céim choibhéiseach san eolaíocht núicléach nó san innealtóireacht, sa cheimic, san innealtóireacht cheimiceach, in eolaíocht na n-ábhar, sa gheolaíocht, sa gheoiceimic, nó san fhisic, agus 2 bhliain ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais agus san fhógra leasaitheach a ghabhann leis ar an leathanach iarratais thíos.

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 22 Márta 2024 go dtí an 23 Aibreán 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.