Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl i gcomhréir leis an bhfógra comórtais lena mbaineann:
- Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
- Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
- Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc/tascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais.
Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).
‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:
Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:
- Scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
- Cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
- Déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
- Úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.
- Déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.