Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas a earcaítear daoine

handshake

Na hiarrthóirí a n-éiríonn leo i bpróiseas roghnúcháin, cuirtear iad ar phainéal óna bhféadfaidh institiúidí uile an Aontais Eorpaigh daoine a earcú go díreach, ach is féidir leo iarratas a dhéanamh freisin ar fholúntas a bhaineann leis an gcomórtas/na comórtais inar éirigh leo go dtí go rachaidh an painéal sin in éag.

Earcú

Na hiarrthóirí ar éirigh leo agus atá ar an bpainéal, breathnaíonn na hinstitiúidí ar a bpróifílí chun na daoine is fearr a oireann dá riachtanais a aithint, ansin tugann siad cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí sin.

D’fhéadfadh sé go dtabharfadh roinnt institiúidí nó seirbhísí cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí i gcás painéil ar féidir le hinstitiúidí éagsúla úsáid a bhaint astu.

Léigh freisin: Conas a roghnaíonn na hinstitiúidí daoine ó phainéil EPSO?

Iarratas a dhéanamh ar fholúntas

Is féidir le hinstitiúidí a bhfolúntais a fhoilsiú i gcuntas EPSO an iarrthóra ar éirigh leis. Tá teacht orthu sin ar leathanach forléargais na n-iarratas sa chomórtas ábhartha i do chuntas EPSO. 

Breathnaigh i do chuntas EPSO go rialta óir is féidir leis na hinstitiúidí folúntais a fhoilsiú tráth ar bith agus uaireanta ní bhíonn ach achar gairid ann le hiarratas a dhéanamh. Ní thugtar fógra duit go huathoibríoch gach uair a fhoilsítear folúntas. 

I mbunachar na n-iarrthóirí ar éirigh leo tá teacht ag na hinstitiúidí ar do CV, ar do phas inniúlachtaí (más infheidhme) agus ar eolas faoi d’infhaighteacht, is é sin cén uair a bheidh tú ar fáil. Ní ceart duit do CV a sheoladh go díreach chuig na hinstitiúidí.

Déan an méid seo a leanas, le do thoil:

  •  déan cinnte de go bhfuil tú incháilithe de réir an fhógra folúntais shonraigh,
  •  uaslódáil do CV agus déan é a nuashonrú go rialta, agus é san fhormáid Europass más féidir é (úsáidtear an cluaisín 'uaslódáil CV’ chuige sin),
  •  luaigh an comórtas ábhartha i do litir chumhdaigh.

Is faoi institiúidí an Aontais atá sé folúntais a fhoilsiú i do chuntas EPSO.

Léigh freisin: Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar phost nuair a bheidh mé ar an bpainéal?

Naisc úsáideacha

  • Tá forléargas ar institiúidí, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais le fáil ar shuíomh gréasáin Europa.
  • Is féidir leat breathnú ar an liosta d’institiúidí an Aontais Eorpaigh dá roghnaíonn EPSO baill foirne, mar aon le naisc chuig a leathanaigh earcaíochta, chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Má bhíonn aon cheist agat faoi fholúntas ar leith iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís earcaíochta trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá luaite san fhógra folúntais.
  • Is féidir leat dul i dteagmháil linne freisin má bhíonn aon cheist eile agat faoi na chéad chéimeanna eile nó faoi d’infhaighteacht.

Féach gurb iad an fógra comórtais agus na rialacha maidir le comórtais oscailte creat dlí gach próisis roghnúcháin. Níl san eolas atá ar an leathanach seo ach treoir sa bhreis air sin.