Are you looking for an exciting new career in a dynamic, fast-paced environment? Then look no further than the EU. Whether you're working for an EU institution or an EU agency, the EU offers a stimulating and...

NUA – nuashonraithe 23/09/2021: Tá EPSO ag déanamh síormhonatóireacht ar an dóigh a bhfuil an coróinvíreas (COVID-19) ag forbairt. De bharr na héiginnteachta atá ann faoi láthair, tá gach beart réamhchúramach is iomchuí á dhéanamh ag EPSO go fóill i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thugann institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta.

Tá an tAontas Eorpach ar lorg teicneoirí (grád AST 3) agus oibrithe tacaíochta (grád AST-SC 1).

An bhfuil saineolas agus taithí oibre agat mar shaineolaí ar chosaint sonraí? An bhfuil an-fhonn ort cosaint sonraí agus cearta príobháideachais a chaomhnú san Aontas Eorpach? Má tá, tapaigh an deis.

Tríd an ardán digiteach ilteangach nua tá níos mó tionchair – den chéad uair riamh ar leibhéal an Aontais – ag daoine as gach cearn den Eoraip ar an rud a bhfuil siad ag tnúth leis ón Aontas Eorpach, agus is féidir leo trácht a dhéanamh ar smaointe daoine eile.

Glao chun comhoibrithe ar gach eagraíocht éagsúlachta agus chuimsithe de chuid an Aontais Téigh i bpáirt lenár líonra!

Tá mórchuid cineálacha poist ann agus bíonn folúntais iontu do ghníomhairí ar conradh, agus bíonn cáilíochtaí difriúla ag teastáil de réir shaghas an phoist.

Poist leis an Aontas Eorpach
Baineann timpeallacht oibre shaibhir thairbheach le gairmréim leis an Aontas Eorpach. Bíodh sé ina údar sásaimh agat go ndéanann do chuid oibre difear don Eoraip agus tú ag obair ó lá go lá ar cheisteanna na huaire. Faigh amach faoi na buntáistí eile a bhaineann le gairmréim san Aontas.

Ar mhaith leat a bheith ag obair in institiúidí an Aontais i Lucsamburg?

Freagraí ar do chuid ceisteanna
An bhfuil fadhb agat? Ceadaigh na catagóirí éagsúla atá sna ceisteanna coitianta. Mura n-éirí leat freagra do cheiste a fháil, líon isteach an fhoirm teagmhála agus seol an cheist chugainn.

Cuireadh ar ár súile dúinn go bhfuil tairiscintí calaoiseacha poist ag dul thart ina dtugtar le fios go bréagach gurb é EPSO a d’eisigh iad. Iarraimid ort a bheith faichilleach faoi aon chumarsáid a gheobhaidh tú gan choinne á iarraidh ort eolas pearsanta a thabhairt nó airgead a íoc.